ISSU | Irish Second-Level Students' Union

View Original

Seoladh an tSuímh Idírlín ANDIÉ nua as Gaeilge

Ó inniu, Dé hAoine 18ú Meán Fómhair, tá suíomh idirlín agus seirbhisí an Aontais na nDaltaí Iarbhunscoile in Éirinn ar fáil trí Ghaeilge. Stiúr Oifigeach na Gaeilge ANDIÉ, Katie Halpin-Hill ó Rinn ua gCuanach agus Oifigeach Cumarsáide an aontais, Emer Neville an tionscnamh seo.

Ag labhairt ag seoladh an tsuímh inniu, dúirt Halpin-Hill gur “cuid mhór í an Ghaeilge inár gcultúr, san oideachas agus sa thodhchaí. Teastaíonn ón ANDIÉ tábhacht na teanga a chur chun cinn san obair a dhéanaimid. Táimid ag obair go dian le bheith mar instiúid dátheangach, ag cinntiú nach bhfuil aon dhalta fágaithe ar an leataobh.”

Tagann an tionscnamh seo tar éis a sheoladh dearadh nua an tsuímh idirlín ANDIÉ, agus ina dhiadh borradh luaiteachais in ANDIÉ sna míonna anuas. “Ina dhiaidh cúpla imeachtaí san aontas i mbliana, tá an aontas faoi bhorradh luaiteachais. Tá súil agam go gcuirfidh an suíomh nua Gaeilge leis an mborradh seo, agus go gcuirfidh sé le rochtain a dheimhniú do gach dhalta sa tír obair an aontais a fheiscint.”

Tá acmhainní ANDIÉ anois ar fáil trí Ghaeilge agus as Béarla ag issu.ie.