Ráiteas ANDIÉ: Dul chun cinn le Torthaí na hArdteiste 2020

Website Article (1).png

Tá díomá orainn go léir san ANDIÉ nach raibh guth na ndaltaí tógaithe san áireamh sa chinneadh seo, agus nach rabhamar coimeádaithe ar an eolas faoin gcinneadh seo roimh a fhógraíodh inné é (16ú Iúil).

Tá daltaí ag roinnt a gcuid smaointí linn agus beimid i dteagmháil leis an Roinn chun na smaointí sin a chur in iúl. 

Is léir go bhfuil tábhacht leis an gcumarsáid agus na scoileanna dúnta ón 12ú Márta. Tá súil againn san aontas go leanfaidh an comhrá leis na páirtithe leasmhara ar aghaidh sna hamanna deacaire seo san oideachas. 

Tá sé tábhachtach go bhfuil caidreamh láidir idir pháirtithe leasmhara agus an Roinn, agus is mór an trua é gur bhfuair daltaí na hArdteiste an t-eolas seo ó na meáin.

Cuirimid fáilte roimh an amlíne deimhnithe ach glacaimid go mbeidh tionchar diúltach aige seo ar chumas na ndaltaí ullmhú agus iad ag bogadh ar aghaidh sa saol. Ón bhfórógra tá daltaí na hArdteiste tar éis a gcuid smaointí a chur in iúl dúinn, agus tá súil againn go oibreoidh an Roinn chun tionchar diúltach an chinneadh seo a laghdú. 

Déanaimid comhghairdeachas leis an t-Aire Foley agus í tar éis socruithe a dhéanamh le UCAS, ach tá sé ríthábhachtach treoirlínte a fháilt go luath chun cinntiú nach mbeidh míbhuntáiste ar dhaltaí atá ag iarradh a gcuid stáidéir a dhéanamh thar lear. 

Glacaimid an chúis leis an moill seo, chun cinntiú go bhfuil na torthaí i mbliana ag an gcineál céanna le bhlianta eile - tá sé ríthábhachtach go bhfuil cáilíocht na ndaltaí ag leibhéal cothrom i gcomparáid le bhlianta eile agus glacaimid tábhacht an phróisis le seo. 

Leanfaidh an ANDIÉ ag lorg freagraí ón Roinn agus tá súil againn go chinntóidh na himeachtaí seo go mbeidh caidreamh cumarsáide níos láidre ann sa todhchaí idir na ndaltaí agus páirtithe leasmhara eile. 

Previous
Previous

Anxious Students and Parents Voice Health Fears, Seek New Supports Ahead of Schools Reopening

Next
Next

ISSU Statement : Leaving Certificate Results Release and Progression